A new Irish language blog  by Muiris Bric, a West Kerry native who this week writes about changing times in Ireland
                     
Tháim díreach tar éis teacht thar nais ó thír glass, blasta na hÉireann tar éis trí seachtaine a chaitheamh ann agus deirim se leat go mbaineas taithneamh as. Ní raibh an ghrian ag scoltadh na gcrann gach lá, b’fhada uaidh é a chroí, ach ní chuige sin a théim ann ar aon tslí. Is breá lem’ chroí a bheith ag bháilcaireacht ar fuaid na háite agus ag tabhairt faoi ndearra an tathrú atá imithe ar an saol ó d’fágas breis agus dachad bliain ó shin. Bhí an saol go deallamh bocht an uair sin agus bhí sé deacair cúpla punt a chur le chéile chun ámharín sult a bhaint as. Is minic a bhíodh lá oibre agam anso ‘san siúd ach is minic leis ná fuaireas díolta as agus níorbh iad na daoine fhéin faoí ndearra é ach oiread mar ná raibh aon ní acu le tabhairt dom. B’shin an saol an uair sin, bhí gach éinne ag iarraidh slí bheatha éigin a bhaint amach.
 
Ach bhí rud amháin a bhí thar barr an uair sin agus bhí san ann go fluirseach agus sé sin an chomharsanacht. Bhí deich cínn de thighthe im’ bhaile seo agus ní raibh easpa cabhrach ar éinne dá mbéarfaí orthu. Is amhlaidh a bhíodh áthas ar dhaoine cabhair a thabhairt. Is cuimhin liom cúpla bobhta nuair a thárla cruacás éigin, chur m’athair stad le pé obair a bhí ar siul againn  agus seo linn chun siúil ag cabhrú.  Feirmeacha beaga a bhí ann agus bhí go leor portaig ina measc agus théadh ba, gamhanna agus uaireannta capal ar mí-chorm ann. Bhí gá le morán cabhrach chun ainmhí a thógaint as pholl portaig. Cúis gáire abea é leis, go mór mhór nuair a bhíodh an áit sleamhain agus is minic a chífeá fear ag sleamhnú isteach sa pholl agus é ansúd ar nós amadán le hais an ainmhí bocht.  Bhí na daoine an ghreanmhar an uair sin agus ní mór a thógadh sé scarta gáire a bhaint astu.
 
B’shin an t-am go raibh an focal “mitheal” go coitianta i mbéal na ndaoine. Bhíodh mitheal ann chun an mhóin a bhaint sa phortach agus ba dheas an lá oibre agus  sport a bhíodh ann. Bíodh mitheal balaithe chun an féar a shábháil agus chun coca nó cruach a dhéanamh do san chlós a bhí cois le scioból na mba. Agus bé’n mitheal deireannach ná’n ceann a bhíodh balaithe chun an t-arbhar a bhualadh i ndeire an Fhomhair. Á, ba dheas iad. Bhí compord agus sualcas ag baint leo. Théadh dólás go sólás le teas na gréine agus agus muintreas na ndaoine. Bhíodh na matáin tinn, tuirseach ach ní mhothaíodh éinne aon phian ná tinneas mar d’ibir fluirse na cainte agus scéalta gach a raibh neacheart leis an saol. Saol eile is dócha  a bhí ann ach is oth liom a rá go bhfuil an saol san imithe.
 
Níl aon mhitheal ann inniu is baol liom. Tá na daoine neamhspleach anois ag inill agus giuirléidí atá comhachtach de bharr nuatheicneolaíocht na haoise seo. Ní bhaintear móin anois agus níl ach cúpla uair a chloig le caitheamh chun an fomhar a bhaint agus a shábháil. Is cuimhin liom go dtógadh sé mí fada, reamhar na prátaí a bhaint agus íad a thabhairt abhaile i gcóir an gheimhridh. Tagann ineall bainte isteach sa ghort anois agus deintear an obair chéanna laistig de uair a chloig. Tá ré an alais thart agus, imithe leis tá ré na gcomharsanacht agus cuid mhait de’n mhuintreas chó maith.
 
Is trua é sin.